Seanfhocal na Seachtaine
-
Ní neart go cur le chéile.
-
Is binn béal ina thost.
-
Bíonn blas ar an mbeagán.
-
Filleann an feall ar an bhfeallaire.
-
Duine gan dinnéar, beirt chun suipéir.
-
Marbh ag tae agus marbh gan é.
-
Briseann an dúchas trí shúile an chait.
-
Ní chruinníonn cloch reatha caonach, ach cruinníonn beach siúil mil.
-
An té nach gcuireann san earrach, ní bhaineann sé san fhómhar.
-
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, má's glasmhar iad, ní féarmhar.
-
I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
-
Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
-
Bíonn cluasa ar an claíocha.
-
Giorraíonn beirt bóthar.
-
Is minic nach é an capall is fearr a thóigeas an rása.
-
Beir ar an liathróid ar an gcéad phreab.
-
Sean-bhróg smeartha bróg nua.
-
Is fearr cairde na ór.
-
Ní feidir capall rása a dhéanamh as asal.
-
Tús maith leat na hoibre.
-
Ní mar a shíltear a bítear.
-
Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é.
-
Bíonn an fhírinne searbh.
-
Is gaire cabhair Dé ná an doras.
-
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
-
Do fuip féin is capall na gcomharsan.
-
Is fearr obair ná caint.
-
"Tráth go leor" a chaill an rása.
-
Is fearr sona ná saibhir.
-
Maireann croí éadrom i bhfad.
-
Is fearr súil romhat ná dhá shúil id'dhiaidh.
-
Aon ní ar fiú é a dhéanamh, is fiú é a dhéanamh go maith.
-
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
-
An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic.
-
An rud is annamh is iontach.
-
Beireann bua bua.
-
Ní bhíonn an rath acu mar a bhíonn an smacht.
-
Mol an óige is tiocfaidh sí. Cáin an óige is titfidh sí.
-
Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg.
-
Ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán.
-
Is fearr déanach ná go brách.