- Baile
- Ár scoil
- Daltaí
- Tuismitheoirí
- Gníomhartha
- Gailearaí na ngrianghraf
- Cumann
- Cairde Scoil Uí Dhálaigh
Fógraí - 09/02/12
1. Grianghrfadóir sa scoil ar 29/2/2012 do na ranganna uilig.
2. 5ú - 9ú Márta Seachtain Frithbhulaíochta. Níos mó eolais ar ball. Clár Bí Sábháilte á mhúineadh i Ranganna N Shins, Rg 2, Rang 4 & Rang 6 ag tosú i Mí Márta. Bígí ag faire amach do na bileoga oibre.
3. Beimid ag glacadh páirt i Rith 2012 ar an 13ú Márta mar chuid de Choicís na Gaeilge. Beidh Ranganna Naíonáin go Rang 2 ag rith timpeall na páirce scoile. Beidh daltaí ó Ranganna 3 - 6 ag rith agus ag tacú ón gcosán. Geata na scoile go dtí Cúirt Elton an cúrsa. Féach www.rith.ie. Beidh neart cabhraitheoirí deonacha uainn ar an lá, go mórmhór aithreacha, le rith leis na páistí agus le maoirseoireacht a dhéanamh. Cuir scéala chuig oide ranga do pháiste. Foirmeacha Deimhnithe Gardaí ar fáil taobh amuigh d’oifig an Rúnaí.
4. Beidh Ciorcal Comhrá Gaeilge ag tosú go 23/2/2012 in Ionad Pharóiste Léim an Bhradáin 10.30-11.30 agus gach Déardaoin ina dhiaidh sin ar feadh 6 seachtainí. Fáilte roimh chách. Déan teangbháil le Máire 087 2340678 nó Treasa 087 9758691 nó ciorcalcomhra@hotmail.com.
5. Táimid ag súil go mbeidh an Clós Nua réidh roimh dheireadh Mhí Feabhra agus beidh an geata cúil ar oscailt arís. Fógrófar an dáta oscailte i ndiaidh an tsosa lár-téarma. 8.40-8.50 r.n.am tionóil faoi aire oide.. Ní cóir páistí a fhágáil gan duine fásta á n-aire roimhe sin. Impímid ar thuismitheoirí páirceáil i gcarrchlós an tséipéil agus na páistí a thabhairt isteach geata an chlóis. Molaimid na teaghlaigh a fhágann an carr sa bhaile! Tá trí bhealach isteach do choisithe ó Bhóthar Chill Droichid. Seastán rothair ag binn seomraí na Naíonán.
6. Céilí MórLá ‘Le Pádraig 17 Márta,Halla an CLG Léim an Bhradáin 3-6 a chlog. Ócáid clainne bliantúil an-taithneamhach a bhíonn anseo. Fáilte mhór roimh spotduaiseanna. Is féidir iad a fhágáil in oifig an Rúnaí.
7. Féilirí Scoile fós ar fáil ar chostas laghdaithe €5 an ceann.